Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them or click here to manage your cookie preferences.

Fúinn

Tá húdaráis áitiúla ag gcroílár an mhéid a dhéanaimid.

Is gníomhaireacht stáit í an GBRÁ a sholáthraíonn réimse seirbhísí gairmiúla d’údaráis áitiúla.

Oibrímid i gcomhair leis an 31 údarás áitiúil chun tacú le soláthar comhordaithe agus cost-éifeachtúil sheirbhísí agus bheartais an rialtais áitiúil. Cuidímid leis na húdaráis áitiúla chomh maith athruithe a chur chun feidhme agus feidhmíocht a fheabhsú.

Bunaíodh an GBRÁ in 2012 faoi ordú bunúcháin Is gníomhaireacht muid de chuid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, atá maoinithe go príomha ag údaráis áitiúla.

Ár bhfís

I gcomhpháirtíocht leis na húdaráis áitiúla, beidh an GBRÁ ina ionad barr feabhais comhroinnte i bpríomhchuir chuige earnála maidir le forbairt agus méadú seirbhísí poiblí ar fheabhas ar an leibhéal áitiúil.

Ár misean

Gníomhaíochtaí a dhíriú chun eispéireas cáilíochta custaiméara a sholáthar d’údaráis áitiúla, atá curtha in ord tosaíochta ar fhorbairt agus ar chur chun cinn beartas dea-chleachtais, córas agus cur chuige earnála maidir leis na dúshláin ghnó atá le sárú ag údaráis áitiúla.

Ár gcuspóirí

  • Seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar don rialtas áitiúil, a thaispeánfaidh luach ar airgead agus a bheidh ag oiriúnú go leanúnach do riachtanais na hearnála atá ag athrú.
  • Tacú go gníomhach le forbairt agus chur chun feidhme bheartas an rialtais, ag baint leas as an bpríomhchleachtas ó laistigh agus lasmuigh den earnáil ag baint úsáid as sonraí mar phríomhchumasóir
  • Tacú le ceannaireacht straitéiseach a fhorbairt laistigh d’údaráis áitiúla chun tacú le ceapadh agus cur chun feidhme pleananna straitéiseacha
  • Bheith aitheanta mar ionadaí náisiúnta agus mar ghuth don earnáil rialtais áitiúil
  • Timpeallacht oibre oscailte agus rannpháirteach a chruthú, a fheicfear mar phríomheagraíocht chun na scileanna agus an taithí chun tacú le dul chun cinn gairme a fhorbairt
  • Gníomhú mar ionad barr feabhais sna limistéir laistigh de shainchúram comhairleach an GBRÁ
  • Tacaíocht a thabhairt do dhea-rialachas agus é a neartú 

Féach ar ár bPlean Corparáideach 2023-2025 chun tuilleadh eolais a fháil faoinár gcuspóirí agus an dóigh a bhféachaimid lena mbaint amach.

Ár gcuid oibre

Soláthraíonn na húdaráis áitiúla na céadta seirbhísí agus tacaímid leo leis sin a dhéanamh, rud a chiallaíonn go n-oibrímid ar fud roinnt réimsí éagsúla. Is féidir leat léamh faoinár gcuid oibre agus ár gcuid tionscadal anseo.